← D'amharc Jimmy ar na teidil a bhí ag teacht agus ag imeacht ón scannán roimh nuacht a naoi a chlog. 🔊✎
← Mhothaigh Jimmy i gcónaí ciontach nuair a chuaigh sé a dh'ól lena chomrádaithe tráthnóna Dé hAoine nuair a bheadh obair na seachtaine déanta acu; agus ba mhíle ba mheasa é ó tháinig an cúpla ar an tsaol sé mhí ó shin. 🔊✎
← Mar sin de, bhí a fhios ag Jimmy nár bheo dó a bheo dá dtigeadh sé na bhaile roimh an deich a chlog, nó dá ndéanfadh, bhéarfadh Sarah a sháith dó. 🔊✎
← "Beidh ceann beag agam an t-am seo, murar miste leat, a Jimmy." 🔊✎
← Rinne Jimmy cuntas ina intinn ar an deoch a bhí le fáil aige agus tharraing sé ar an bheár. 🔊✎
← Níor thuig Jimmy cad chuige nach raibh na fir seo ag iarraidh gabháil na bhaile. 🔊✎
← Anois, agus é ag fanacht lena sheal ag an bheár, b'fhada le Jimmy go dtaradh oíche Shathairn nuair a bheadh sé féin agus Sarah ábalta teannadh lena chéile ar an tolg ag amharc ar video agus buidéal beag fíona acu. 🔊✎
← "Cad é mar atá na girseacha beaga, a Jimmy? 🔊
← Anois, b'fhada le Jimmy go dtógadh sé iad, duine ar achan lámh, agus go dteannadh sé lena chroí iad agus go dtéadh sé a cheol daofa agus éisteacht leo ag plobaireacht. 🔊✎
← Chuir Micí dhá losaid fána lán gloiní ar an chuntar agus thug Jimmy chun table fá dheifir iad. 🔊✎
← Amuigh ar an tsráid, agus ceo na Samhna thart air, ní raibh in Jimmy ach duine gan ainm. 🔊✎
← Bhí tost míshuaimhneach eatarthu agus bhí Jimmy sásta nuair a tháinig duine de na stócaigh óga chuige ag iarraidh mionairgead briste ar bith a bheadh fá na pócaí aige. 🔊✎
← Thug Jimmy traidhfil airgead rua agus boinn chúig pingine dó. 🔊✎
← Rinne Jimmy staidéar ar na stócaigh seo. 🔊✎
← D'fhéach Jimmy lena chluasa a dhruidim in éadan na tuile seo. 🔊✎
← "Seo duit, a Jimmy, oíche mhaith agus slán abhaile." 🔊✎
← Chlaon Jimmy a cheann mar fhreagra, thóg an mála donn agus d'fhoscail doras trom na sráide. 🔊✎
← Caillte ina smaointe féin, ní raibh a fhios ag Jimmy cad é abhí ag gabháil ar aghaidh thart air. 🔊✎